Bunaíodh Gaelscoil Shlí Dála sa bhlian 2005. Osclaíodh an scoil ar 1ú
lá de Mhéan Fómhar 2005 le fiche dalta agus múinteoir amháin a bhí ina
príomhoide ag an am sin.
Is scoil déchreidmheach, lán Ghaeilge í Gaelscoil Shlí Dála atá
lonnaithe i mBealach Mór idir Ros Cré agus Buiríos Mór Osraí. Cuirtear
ranganna ar fáil do pháistí idir 4 agus 13 bliana d’aois. Feidhmíonn
an scoil faoi rialacha na Roinne Oideachais agus múintear Curaclam na
Bunscoile inti. Faoi láthair tá 39 dalta ar na rollaí.
I mí Mean Fómhair 2015, d’oscail doirse Ionad an Dóchais agus faoi
láthair dhá seomra speisialta againn atá iomlan lán.